Scéalta taibhse:
Chonaic a hathair taibhse Mháire thíos sa scioból ach bhí Máire ina suí istigh sa teach i rith na hama.
Chonaic a fear céile, Willie agus a uncail taibhse thíos ag an teach solais oíche amháin.
Deirtear go raibh taibhse i dteach an tsagairt i dToraigh. Deirtear go raibh Aifreann le léamh aige ach nach bhfuair sé é a léamh agus go bhfuil a choiscéim le cloisteáil sa teach go fóill, bhíodh Máire ag obair sa teach ach níor chluin sí ariamh é. | 00:03:08 | |